Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú don teistiúchán

Tá an measúnú don teistiúchán bunaithe ar aidhm, ar chuspóirí agus ar thorthaí foghlama na sonraíochta seo. Tá trí chomhpháirt mheasúnaithe in Ealaín na hArdteistiméireachta: obair chúrsa phraiticiúil, scrúdú a ndéanfar feitheoireacht air, agus scrúdú scríofa. Baintear idirdhealú amach trí scrúduithe ar dhá leibhéal – Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal. I ngach comhpháirt mheasúnaithe, beidh feidhm ag scéim mharcála idirdhealaithe.

Is é Coimisiún na Scrúduithe Stáit a dhéanfaidh an dá chomhpháirt a riaradh agus a mheasúnú. Beidh an obair don obair chúrsa phraiticiúil agus don scrúdú a ndéanfar feitheoireacht air bunaithe ar an spreagthach céanna.

Léirítear an gaol idir cur i bhfeidhm scileanna agus ábhar teoiriciúil na sonraíochta sna comhpháirteanna measúnaithe ar fad.

Comhpháirt Mheasúnaithe Ualú Leibhéal
Obair chúrsa phraiticiúil 50% Ardleibhéal agus Gnáthleibhéal
Scrúdú a ndéanfar feitheoireacht air 20% Ardleibhéal agus Gnáthleibhéal
Scrúdú scríofa 30% Ardleibhéal agus Gnáthleibhéal


Measúnú ar an obair chúrsa

Tá dhá chomhpháirt ar leith sa mheasúnú ar an obair chúrsa, ach a bhfuil baint acu le chéile. Obair chúrsa phraiticiúil agus scrúdú a ndéanfar feitheoireacht air atá i gceist, a chuirfear i gcrích sa bhliain deiridh staidéir. Beidh an dá phíosa saothair bunaithe ar an spreagthach céanna, a roghnóidh an foghlaimeoir ó threoir don obair chúrsa a eiseoidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Ní mór gur saothar an fhoghlaimeora féin a bheidh san obair chúrsa phraiticiúil ar fad. Cuirfidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit nósanna imeachta fíordheimhnithe chun feidhme lena chinntiú go gcomhlíonfar an riachtanas sin.

Baineann comhpháirt na hoibre cúrsa praiticiúla, a dearadh chun tástáil a dhéanamh ar chumas an fhoghlaimeora eolas, coincheapa agus scileanna a forbraíodh le linn a staidéir ar an Ealaín a úsáid chun saothar críochnaithe a tháirgeadh ó spreagthach, thar thréimhse shínithe. Tá úsáid bunfhoinsí, lena n-áirítear líníochtaí breathnaitheachta, líníochtaí ón mbeo agus líníocht ón tsamhlaíocht tábhachtach. Coinneoidh an foghlaimeoir an obair thaighde thosaigh ina Bhloc Sceitseála Ealaíne.

Gheobhaidh an foghlaimeoir an treoir don obair chúrsa ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit i dtreo dheireadh an Chéad Téarma (sa Dara Bliain). Cruthaíonn sé sin tréimhse tosaigh taighde don bhfoghlaimeoir. Ba cheart an obair chúrsa phraiticiúil a chur i gcrích i dtréimhse deich seachtaine, a thosóidh go luath sa Dara Téarma (sa Dara Bliain).  I rith na tréimhse sin, éileofar ar an bhfoghlaimeoir píosa amháin saothair a chur i gcrích agus obair a fhorbairt leis an dara píosa saothair a chur i gcrích i rith an scrúdaithe a ndéanfar feitheoireacht air.

Tabharfaidh sé ráiteas ealaíontóra freisin chun míniú a thabhairt ar ar chruthaigh sé, ar an gcaoi ar chruthaigh sé é, agus ar an bhfáth ar chruthaigh sé é.

Déanfaidh an múinteoir monatóireacht ar an bhfoghlaimeoir le cinntiú gur leis féin an obair agus caithfear í a chur san áireamh san obair chríochnaithe. Cuirfidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit nósanna imeachta fíordheimhnithe chun feidhme chun comhlíonadh a chinntiú.

Tabharfar faoi chomhpháirt an scrúdaithe a ndéanfar feitheoireacht air chomh luath i ndiaidh comhpháirt na hoibre cúrsa praiticiúla a chur i gcrích agus is féidir, agus laistigh de chúig uair an chloig i lá amháin. Tabharfar eolas faoin scrúdú sa treoir don obair chúrsa a eiseoidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Cruthóidh an foghlaimeoir saothar críochnaithe eile don scrúdú seo, bunaithe ar an spreagthach céanna agus ar na smaointe agus an obair a ndearna sé taighde orthu agus a d’fhorbair sé le linn a thionscadail obair chúrsa foriomlán.

Tabharfaidh sé ráiteas ealaíontóra freisin chun míniú a thabhairt ar ar chruthaigh sé, ar an gcaoi ar chruthaigh sé é, agus ar an bhfáth ar chruthaigh sé é.

 

Beidh réimse cothrom cineálacha ceisteanna sa scrúdú scríofa a fheilfidh don Amharcstaidéar agus cur i bhfeidhm eolais phraiticiúil. Díreofar sna ceisteanna ar thuiscint fhairsing ar an Amharcstaidéar agus beidh ar an bhfoghlaimeoir eolas agus tuiscint a thaispeáint. Ina theannta sin, caithfidh sé plé le cur i bhfeidhm, anailís, measúnú agus freagairt de réir mar is cuí.

Déanfar an méid seo a leanas a mheas sa scrúdpháipéar scríofa:

  • cuimhne, eolas agus tuiscint ar ealaín agus ar an Amharcstaidéar
  • cur i bhfeidhm an chleachtaidh, na tuisceana agus an eolais ó réimsí éagsúla den tsonraíocht maidir le cásanna coitianta agus neamhchoitianta
  • smaointeoireacht chriticiúil, an cumas chun faisnéis a anailísiú agus a mheas agus argóintí réasúnta agus loighciúla a dhéanamh bunaithe ar fhianaise
  • scileanna réitigh fadhbanna i dtaca leis an Amharcstaidéar agus cur i bhfeidhm praiticiúil na healaíne
  • an cumas chun faisnéis a phróiseáil agus chun tuiscint phearsanta a chur in iúl.

Beidh gach ceist ag brath ar thuiscint an fhoghlaimeora ar an Amharcstaidéar agus ar a úsáid chriticiúil agus chruthaitheach as teanga amhairc chun anailís a dhéanamh ar obair ealaíne.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.